Riail 99 – Nóta sa chlár i gcás tosaíocht reachtúil a éileamh d’ualach
(1) Iarratasóir a iarrfaidh clárú i leith ualach a bhfuil sé nó sí ag éileamh tosaíochta dó ar ualaí eile de bhua reachta, luafaidh sé nó sí i scríbhinn an reacht faoina bhfuil an tosaíocht á héileamh.
(2) Ar an ualach a chlárú, féadfaidh an tÚdarás, más deimhin leis go bhfuil an tosaíocht a éilítear ag an ualach, taifead a chur sa chlár á chur in iúl go bhfuil tosaíocht ag an ualach, amhail idir é agus ualaí roimhe, san ord a thugtar dó leis an reacht a shonraítear.