Riail 97 – An chaoi chun aontú le clárú ualaigh

image_printLeathanach Priontála

(1) Is le haontú i scríbhinn a thabharfar comhthoiliú ó dhuine (seachas an tÚdarás) a n-údaraítear dó nó di comhthoiliú i gclárú ualaigh agus comhdófar an t-aontú.

(2) Féadfar an t-aontú a thabhairt san ionstraim lena mbunaítear an t-ualach. I gcásanna eile is i bhFoirm 48 a thabharfar é, nó cuirfear isteach i bhFoirm 17 é.

(3) Beidh taifead ar ualach sa chlár, sa chás ina n-údaraítear don Údarás comhthoiliú leis, ina fhianaise gur chomhthoiligh sé ina chlárú.