Riail 96 – An t-aontú le clárú ualaí atá le tabhairt ag daoine seachas an t-úinéir
(1) De bhun Alt 69(2) den Acht, forordaítear leis seo go nglacfar le comhthoiliú na ndaoine thíosluaite in ionad chomhthoiliú an úinéara chláraithe sna cásanna seo a leanas-
(a) i gclárú ualaigh ar mhaoin aistrithe a bunaíodh leis an aistriú nó a d’éirigh dá dhroim, is é nó is í an t-aistrí, nó duine a bheidh ag éileamh faoin aistrí agus a iarrfaidh clárú mar úinéir faoin aistriú, a thabharfaidh an comhthoiliú;
(b) i gclárú ualaigh a bunaíodh le huacht úinéara éagtha, is é nó is í réadtiomnaí na maoine dá ndéanann an t-ualach difear, nó an duine a bheidh ag éileamh faoin réadtiomnaí agus a iarrfaidh clárú mar úinéir nó, i gcás díthiomnacht pháirteach, an duine ar a gcineachfaidh an leas sa mhaoin, nó an duine a bheidh ag éileamh faoin duine sin agus a iarrfaidh clárú mar úinéir, a thabharfaidh an comhthoiliú;
(c) i gclárú muirir ag ionadaí pearsanta úinéara talún le haghaidh airgead a dhlíonn sé nó sí a íoc, is é nó is í an duine a iarrfaidh clárú mar úinéir faoi aontú nó faoi aistriú ón ionadaí pearsanta a thabharfaidh an comhthoiliú;
(d) i gclárú na muirear seo a leanas, is é an tÚdarás a thabharfaidh an comhthoiliú;
(i) ualach arna bhunú faoi reacht nó faoi chumhacht reachtúil, nó faoi chumhacht a chláraítear mar ualach nó faoi iontaobhas chun airgead a urrú a chláraítear mar ualach;
(ii) ualach arna bhunú ag iontaobhaithe i bhfeidhmiú cumhachta faoi shocraíocht faoina gcláraítear úinéir teoranta,
(iii) aon ualach a shonraítear in Alt 69(1)(h) nó (i) den Acht,
(iv) lian arna chlárú mar ualach de bhun Alt 73 d’Acht 2006,
(v) éasúint nó brabús arna clárú nó arna chlárú mar ualach de bhun Alt 49A den Acht.
(2) I ngach cás inar gá comhthoiliú ó úinéir cláraithe nó ó dhuine (seachas an tÚdarás) a n-údaraítear dó nó di leis an riail seo comhthoiliú i gclárú ualaigh, féadfaidh a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta an comhthoiliú a thabhairt.
(3) Féadfaidh úinéir cláraithe nó duine (seachas an tÚdarás) a n-údaraítear dó nó di leis an riail seo comhthoiliú i gclárú ualaigh a chomhthoiliú nó a comhthoiliú a thabhairt i bpearsa nó trína aturnae nó trína haturnae.