Riail 94 – Iarratas ar chlárú ó mharthanóir nó ó mharthanóirí de chomhthionóntaí

image_printLeathanach Priontála

(1) Ar bhás a fháil do dhuine de bheirt nó níos mó a cláraíodh mar chomhthionóntaí, déanfar an comhthionónta marthanach nó na comhthionóntaí marthanacha ar iarratas a chlárú mar úinéir nó úinéirí ar chruthúnas a fháil go bhfuair an duine sin nó na daoine sin bás.

(2) Féadfar an bás a chruthú tríd an bprobháid nó na litreacha riaracháin, nó cóip oifigiúil, nó deimhniú báis a thabhairt ar aird, mar aon le fianaise gurb é an t-éagach a ainmnítear an t-úinéir a deirtear atá tar éis bháis, nó cibé cruthúnas eile is leor leis an Údarás.

(3) Is i bhFoirm 47 a dhéanfar an t-iarratas.