Riail 87 – Aistriú ag ionadaí pearsanta nó ionadaithe pearsanta chuig duine atá i dteideal a chláraithe nó a cláraithe i gcás lán-úinéir d’fháil bháis ina thiomnóir nó ina tiomnóir
(1) Is i bhFoirm 40 a dhéanfaidh an t-ionadaí pearsanta nó na hionadaithe pearsanta maoin a aistriú chuig duine a éilíonn go bhfuil teidlíocht de réir dlí aige nó aici chun maoine lán-úinéara chláraithe éagtha a fuair bás ina thiomnóir nó ina tiomnóir.
(2) Cuirfear i dteannta an iarratais ar chlárú faoin aistriú sin an phrobháid nó na litreacha riaracháin maille leis an uacht, nó cóip oifigiúil den chéanna.