Riail 82 – Údarás áitiúil a chlárú faoi reacht
Clárófar údarás áitiúil mar úinéir ar mhaoin a dílsíodh dó faoi reacht de shárú ar eastát nó leas a úinéara chláraithe ar iarratas a fháil ó aturnae an údaráis áitiúil i bhFoirm 32. Ní gá aon fhianaise, seachas an deimhniú san iarratas sin, go bhfuil an mhaoin i seilbh an údaráis áitiúil.