Riail 80 – Clárú iontaobhaithe nó sannaithe úinéara is féimheach agus athchlárú an úinéara

image_printLeathanach Priontála

(1) Féadfar na sannaithe i bhféimheacht i leith úinéir cláraithe a breithníodh a bheith ina fhéimheach nó ina féimheach a chlárú mar úinéirí ina ionad nó ina hionad, má thugtar ar aird don Údarás cóip oifigiúil den deimhniú gur dílsíodh an t-eastát agus na hearraí do na sannaithe, arna fhormhuiniú mar a fhorordaítear leis an riail seo.

(2) I gcás féimheach ar cláraíodh a iontaobhaí nó a hiontaobhaí nó a shannaí nó a sannaí cláraithe mar úinéir ar a mhaoin chláraithe nó a maoin chláraithe féadfar é nó í a athchlárú mar úinéir nó, más úinéir teoranta é nó í, féadfar taifead an tsannaí nó an iontaobhaí mar shannaí a eastáit nó a leasa theoranta nó a heastáit nó a leasa theoranta a chealú ar an ngníomhas athdhílseacháin a thabhairt ar aird sa Chlárlann.

(3) I gcás féichiúnaí comhshocraíochta ar cláraíodh a iontaobhaithe nó a hiontaobhaithe mar úinéirí ar a mhaoin chláraithe nó ar a maoin chláraithe, féadfar é nó í a athchlárú mar úinéir nó, más úinéir teoranta é nó í, féadfar taifead na n-iontaobhaithe mar shannaithe a eastáit nó a leasa theoranta nó a heastáit nó a leasa theoranta a chealú má thugtar ar aird sa Chlárlann cóip oifigiúil d’ordú na cúirte faoi Alt 85 den Acht Féimheachta, 1988, arna formhuiniú mar a fhorordaítear leis an riail seo.

(4) Gach ordú, deimhniú, rún nó comhaontú nó cóip oifigiúil a thabharfar ar aird le haghaidh clárú dá dtagraítear sa riail seo, ní foláir deimhniú ón Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht nó ón iontaobhaí, a bheith formhuinithe air á rá gurb é an duine céanna an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta a ainmnítear san ordú nó sa deimhniú agus an t-úinéir cláraithe atá ainmnithe i bhfóilió sonraithe den chlár agus a n-iarrtar a mhaoin nó a maoin a aistriú. I gcás inar chun an duine a bhí ina fhéimheach nó ina féimheach nó ina fhéichiúnaí comhshocraíochta nó ina féichiúnaí comhshocraíochta a athchlárú é an t-iarratas, ní foláir, i gcás féimheachta, an gníomhas athdhílseacháin nó, i gcás comhshocraíochta, cóip oifigiúil d’ordú na cúirte faoi alt 85 d’Acht Féimheachta, 1988 nó, sa chás arbh infheidhme é, toiliú an iontaobhaí, i scríbhinn, leis an athchlárú a bheith i dteannta an iarratais.