Riail 72 – Clárú ceannaitheora ó ionadaí pearsanta úinéara a urscaoileadh ó mhorgáiste breithiúnais ar leas tairbhí

image_printLeathanach Priontála

(1) I gcás iarratas chun ceannaitheoir a chlárú mar úinéir faoi aistriú maoine arna díol ó ionadaí pearsanta lánúinéara maoine, féadfaidh an ceannaitheoir a iarraidh go gcealófaí gach taifead i dtaobh fógra faoi mhionnscríbhinn bhreithiúnais a thaisceadh mar mhorgáiste faoin Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850 nó taifead i dtaobh morgáiste breithiúnais faoi Alt 116 d’Acht 2009 mar mhorgáiste ar eastát nó leas duine a bhfuil leas tairbhiúil aige nó aici sa mhaoin faoin uacht nó ar dhíthiomnacht an úinéara mhairbh nó faoi Alt 111 den Acht Comharbais, 1965.

(2) Cuirfear fógra faoin gcealú beartaithe chuig an duine a dtaispeántar sa chlár go bhfuil teidlíocht aige nó aici chun an fhéich bhreithiúnais.

(3) Bainfidh foráil Riail 113, mutatis mutandis, leis an iarratas agus leis an bhfógra sin.