Riail 7 – Earráidí a cheartú
(1) I gcás go n-aimseofar earráid chléireachais i gclár nó i léarscáil clárlainne, féadfaidh an tÚdarás, tar éis aon fhógraí a thabhairt agus aon fhianaise nó aontú a fháil is dóigh leis is cuí, an ceartú is gá a dhéanamh.
(2) Féadfar aon earráid eile i gclár nó i léarscáil clárlainne, a thosaigh sa Chlárlann, a cheartú-
(a) le toiliú ó úinéir cláraithe na maoine (nó óna aturnae nó óna haturnae) dá ndéanann an earráid nó an ceartú sin difear agus ó cibé daoine eile ar dealraitheach don Údarás leas a bheith acu,
nó
(b) tar éis aon fhógra a thabhairt agus aon fhianaise nó aontú a fháil is dóigh leis an Údarás is cuí. Is i bhFoirm 84 a bheidh fógra.