Riail 52 – Foirm na n-ionstraimí

image_printLeathanach Priontála

(1) Is iad na foirmeacha a fhorordaítear leis na Rialacha seo le haghaidh aistriú, muirearú agus diúscairtí eile a úsáidfear i ngach idirbheart dá dtagraíonn siad nó inar infheidhme nó inchurtha in oiriúint iad, arna n-athrú nó arna mbreisiú de réir mar is gá do na hidirbhearta agus mar a cheadóidh an tÚdarás.

(2) Is i cibé foirm a ordóidh nó a cheadóidh an tÚdarás a bheidh ionstraimí nach bhforordaítear aon fhoirm dóibh, agus cloífear leis na foirmeacha sa sceideal chomh dlúth agus is féidir sna himthosca.