Riail 47 – Foirm mionnscríbhinne follasaithe
Is i bhFoirm 16 a dhéanfar mionnscríbhinn follasaithe a dhéanfar de bhun Alt 93 den Acht mura bhforordófar foirm iarratais ina n-áireofar na deimhnisc iomchuí. Mura gceadóidh an tÚdarás a mhalairt, is é nó is í an t-iarratasóir a dhéanfaidh an mhionnscríbhinn. Más duine ar bith seachas an tiarratasóir a dhéanfaidh é, luafaidh an teisteoir bun a eolais nó a heolais. I gcás comhlacht corparáideach, féadfaidh an Rúnaí, an Gníomhaire Dlí, nó duine a bheidh údaraithe go cuí ag an gcomhlacht sin an mhionnscríbhinn a dhéanamh i gcás go ndeimhneascfar go bhfuil an duine údaraithe go cuí agus go bhfuil an fhoinse riachtanach eolais aige nó aici.