Riail 45 – Teideal a fuarthas, de dhroim seilbhe, chun maoine cláraithe

image_printLeathanach Priontála

De bhun Alt 49 den Acht, féadfaidh aon duine a éileoidh go bhfuair sé nó sí teideal, de dhroim seilbhe, chun maoine cláraithe iarratas a dhéanamh i bhFoirm 6 fara cibé modhnuithe is gá sa chás, chun a chláraithe nó chun a cláraithe mar úinéir. Féadfaidh an tÚdarás más deimhin leis go bhfuil an teideal faighte ag an duine sin, an t-iarratasóir a chlárú mar lánúinéir le teideal iomlán, le teideal léasach bailí, le teideal sealbhach nó le teideal srianta, de réir mar is gá sa chás.