Riail 42 – An clár a chur i gcomhréir le teidil a cinntíodh

image_printLeathanach Priontála

Más léir don Údarás, ar iarratas chun teideal sealbhach nó srianta a chomhshó, nach ndéanann ualach cláraithe difear d’úinéireacht na maoine mar a cinntíodh í, nó nach ndéanann sé difear ach d’úinéireacht theoranta nó le heastát nó leas fuíll, tabharfaidh sé fógra d’úinéir, nó d’úinéir toimhdean, an ualaigh i dtaobh na bhfíoras a cinntíodh agus i dtaobh na dtaifead ann atá beartaithe aige a chur sa chlár agus na dtaifead ann atá beartaithe aige a chealú nó a leasú; agus, mura ndéantar agóid, nó faoi réir a gcinnfear de réir na Rialacha seo i gcás aon agóid a rinneadh, cealófar nó leasófar an taifead sa chlár nó an taifead nua ann atá beartaithe, de réir mar is gá, chun an teideal cláraithe a chur i gcomhréir leis an teideal arna chinntiú.