Riail 41 – Ualaí a cinntíodh a thaifeadadh ar chomhshó

image_printLeathanach Priontála

Ar theideal sealbhach nó srianta a chomhshó, de dhroim scrúdú teidil faoi na Rialacha seo-

(a) déanfar ualach a cinntíodh go ndéanann sé difear don mhaoin a thaifeadadh sa chlár ar an gcuma chéanna le hualach a bunaíodh tar éis céadchlárú; ach ní chlárófar aon úinéireacht i leith an ualaigh go dtí go suífear chun sástacht an Údaráis teideal an duine atá ag éileamh na húinéireachta sin;

(b) má chinntítear go bhfuil tosaíocht ag an ualach ar ualach atá cláraithe, cuirfear nóta i dtaobh na tosaíochta sin isteach sa chlár.