Riail 3 – Foirm agus ábhair na gclár
(1) Is é a bheidh sna cláir faisnéis a cheanglaítear leis na hAchtanna agus leis na Rialacha seo a thaifeadadh i leith gach úinéireachta a cláraíodh faoi na hAchtanna.
(2) Déanfar gach úinéireacht a cláraíodh a aithint le huimhir ar leith ar a dtabharfar uimhir an fhóilió nó uimhir an teidil.
(3) Coimeádfar na cláir i bhfoirm páipéir nó leictreonach nó go páirteach i bhfoirm amháin agus go páirteach san fhoirm eile.
(4) Coimeádfar na cláir i nGaeilge nó i mBéarla nó go páirteach i dteanga amháin agus go páirteach sa teanga eile.
(5) I gcás gur i bhfoirm páipéir a bheidh clár nó aon chuid de, taifeadfar an fhaisnéis ar fhóilió nó ar fhóiliónna ina mbeidh trí chuid.
(6) Sa chéad chuid d’fhóilió taifeadfar-
(a) tuairisc ar an maoin a gcláraítear a húinéireacht, maille le tagairt don phlean ar na léarscáileanna clárlainne don talamh dá ndéanfar difear;
(b) tuairisc ar aon chuid den mhaoin a aistrítear chuig fóilió eile;
(c) cibé faisnéis a údaraítear leis na hAchtanna nó leis na Rialacha seo i gcás;
(i) éasúintí agus cearta chun tairbhe na maoine;
(ii) mianaigh agus mianraí a áireamh sa mhaoin nó a eisiamh ón maoin;
(iii) teorainneacha na maoine.
(7) Sa dara cuid d’fhóilió taifeadfar-
(a) ainm úinéir na maoine agus an seoladh atá aige nó aici sa Stát chun fógraí a sheirbheáil air nó uirthi;
(b) cibé faisnéis is gá ina dtaobh seo-
(i) na cineálacha teideal a chláraítear de bhun Ailt 33 nó 40 den Acht;
(ii) cineachadh na maoine;
(iii) na nithe dá dtagraítear in Alt 91 den Acht;
(c) rabhaidh agus toirmisc lena gcuirtear srian le clárú diúscairtí i leith na maoine;
(d) nóta faoi Alt 61(6)(b) den Acht i dtaobh bhás an úinéara chláraithe agus ainmneacha a ionadaí nó a hionadaí pearsanta nó a ionadaithe nó a hionadaithe pearsanta.
(8) Sa tríú cuid d’fhóilió taifeadfar-
(a) na hualaí a n-údaraítear a gclárú le hAlt 69 den Acht;
(b) úinéireacht muirir chláraithe, mura bhfuil sin cláraithe sa chlár a choimeádtar faoi Alt 8(b) den Acht agus, má cheadaíonn an tÚdarás é, fomhuirir ar mhuirear cláraithe agus úinéireacht na bhfomhuirear
sin;
(c) fógra faoi dhíolúine ó na hualaí a shonraítear in Alt 72 den Acht nó faoi na hualaí sin a bheith ann;
(d) rabhaidh agus toirmisc i gcoinne clárú déileálacha le hualach cláraithe nár cláraíodh a úinéireacht sa chlár a choimeádtar faoi Alt 8(b) den Acht.
(9) I gcás gur i bhfoirm leictreonach a bheidh clár nó aon chuid de, féadfar é a atáirgeadh i bhfoirm inléite san fhoirm chéanna amhail is dá mba i bhfoirm páipéir a bhí sé.
(10) Ní bheidh rochtain ar an bhfaisnéis i leith aon úinéireacht áirithe le linn cibé tréimhse-
(a) a cheanglófar chun an fhaisnéis sin a nuashonrú,
(b) a eascróidh mar gheall ar force majeure, lena n-áirítear imthosca neamhghnácha nach raibh coinne leo ná nach raibh neart ag an Údarás orthu.
(11) Déanfar gach fóilió atá cheana sna cláir a athmheas de réir na bhforálacha roimhe seo den riail seo aon uair a mheasfaidh an tÚdarás é a bheith fóirsteanach.