Riail 29 – Teaghaisín, árasán, urlár, siléar, tollán, mianaigh agus mianraí, ithir, fo-ithir, áiléar, aerspás nó urthrá
(1) (a) Más rud é gurb é a bheidh san iarratas chun maoin a chlárú cuid d’áitreabh, nó siléar nó tollán, nó mianaigh nó mianraí, nó spás faoi thalamh ar leithligh ón dromchla, tabharfar léarscáil iarratais den dromchla ar faoina bhun nó os a chionn atá suíomh na maoine atá le clárú, maille le cibé pleananna, trasghearrthacha agus tuairisc eile (más ann) a mheasfaidh an tÚdarás a bheith riachtanach, agus le sonraí i dtaobh aon cheart comhghabhálach rochtana, cibé acu i gcoiteannas le daoine eile é nach ea, nó oibleagáidí a dhéanann difear do mhaoin eile chun tairbhe don mhaoin a bhfuil a teideal á chlárú, agus ina theannta sin, i gcás mianach agus mianraí, maille le sonraí i dtaobh na gceart atá ag foghabháil le hoibriú na mianach agus na mianraí a bheadh fós ar marthain.
(b) Sula mbeidh clárú na maoine sin críochnaithe, féadfar fógra a thabhairt d’úinéirí toimhdean nó d’áititheoirí na maoine eile nó na maoine atá os cionn, nó faoi bhun, agus (más san fhoirgneamh céanna
di) tadhlach le taobh, na maoine atá le clárú, agus do cibé daoine eile a ordóidh an tÚdarás.
(2) Toimhdeoidh an tÚdarás, ar iarratas ar chlárú teidil chun an urláir is ísle d’fhoirgneamh ilstórach nó chun cuid de, mura suífear a mhalairt, nach sroicheann an teideal chuig an ithir nó chuig an bhfo-ithir faoi.
(3) Ar iarratas a dhéanamh ar theideal chun an urláir is airde nó an déanmhais is airde d’fhoirgneamh ilstóir nó cuid de a chlárú, toimhdeoidh an tÚdarás, mura suífear a mhalairt, nach mbaineann an teideal leis an áiléar nó leis an aerspás os a chionn.
(4) Má bhíonn urthrá ina cuid d’aon talamh a áirítear in iarratas chun úinéireacht a chlárú, is ceart é sin a lua san iarratas ionas go bhféadfaí cibé fógra (más ann) a cheanglófar le hAlt 125 den Acht a sheirbheáil.