Riail 23 – Maoin thaifeadta a aistriú chun na gclár

image_printLeathanach Priontála

(1) Déanfar an teideal chun maoine atá taifeadta faoin Record of Title (Ireland) Act, 1865, a aistriú chun na gclár a bunaíodh leis an Acht, cibé tráthanna a ordóidh an tÚdarás.

(2) Féadfaidh an tÚdarás clárú aon mhaoine taifeadta i gclár faoin Acht a chur siar go dtí go mbeifear ar tí iarratas a dhéanamh chun í a chlárú faoi dhiúscairt ina leith.

(3) Ar úinéireacht maoine taifeadta a chlárú i gclár faoin Acht, dúnfar an taifead faoi Acht 1865 agus déanfar tagairt don fhóilió sa chlár ar aistríodh an mhaoin chuige.