Riail 191 – Éifeacht an chláraithe ar an malartú

image_printLeathanach Priontála

(1) An duine ab úinéir cláraithe ar an ngabháltas bunaidh nuair a taisceadh an t-aistriú nó na haistrithe nó an t-ordú dílseacháin nó na horduithe dílseacháin (cibé acu é), clárófar é nó í mar lán-úinéir nó úinéir teoranta ar an ngabháltas nua, de réir mar ba lán-úinéir nó úinéir teoranta ar an ngabháltas bunaidh é nó í.

(2) Féadfar ainmnitheach arna cheapadh nó arna ceapadh ag Coimisiún na Talún nó ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara faoina chumhachtaí reachtúla nó faoina cumhachtaí reachtúla a chlárú mar lán-úinéir le teideal sealbhach.

(3) Taifeadfar i bhfóilió an ghabháltais nua na hualaí (seachas ualaí a urscaoileadh faoi Acht 1923 leis an aistriú nó leis an ordú dílseacháin, cibé acu é) a thaispeántar i bhfóilió an ghabháltais bunaidh. Beidh an gabháltas nua faoi réir na n-ualaí a chlárófar amhlaidh, agus aon ualaí a dhéanann difear dó, gan a gclárú.