Riail 173 – Fógra, toghairm, nó ordú a sheirbheáil go pearsanta

image_printLeathanach Priontála

(1) Déanfar fógra nó toghairm nó ordú ón Údarás a sheirbheáil go pearsanta tríd an bhfógra nó an toghairm nó, i gcás ordú, trí chóip shéalaithe den ordú, a sheachadadh ar an duine ar ordaíodh é a sheirbheáil air nó uirthi. Cruthófar an tseirbheáil le mionnscríbhinn.

(2) Mura féidir seirbheáil phearsanta a dhéanamh, nó má thaispeántar nach bhfuil sí indéanta go réasúnach, féadfaidh an tÚdarás a ordú cibé seirbheáil ionadach a dhéanamh is leor leis in imthosca an cháis áirithe.