Riail 171 – Gach fógra a sheirbheálfar
Gach fógra a sheirbheálfar, measfar é a bheith faighte-
(a) má chuirtear leis an bpost é, laistigh de thrí lá ag an duine ar seoladh chuige nó chuici é, gan lá a churtha sa phost a áireamh, d’éagmais fianaise chontrártha dó sin, nó, mura seoladh sa Stát é, laistigh de cibé tréimhse a luafar san fhógra agus a chinnfidh an tÚdarás; agus is dá réir sin a ríomhfar an tréimhse a chinn an fógra chun beart a dhéanamh faoi;
(b) más rud é go gcuirtear go leictreonach é, laistigh de 1 lá ó dháta eisiúna na cumarsáide leictreonaí, agus nach bhfuarthas séanadh ón seoladh leictreonach gur glacadh leis an gcumarsáid leictreonach.