1

Riail 165 – Cuardach ag an bpobal

(1) Féadfaidh duine ar bith, ar an táille fhorordaithe a íoc, cuardach a dhéanamh sna léarscáileanna clárlainne, san ainmthreoir, sa mhaointreoir, agus i bhfóiliónna na gclár le linn na n-uaireanta an chloig a bheidh an Chlárlann ar oscailt don phobal.

(2) Más deimhin leis an Údarás go bhfuil socruithe cuí i bhfeidhm chun cuardach a dhéanamh trí mheán leictreonach, féadfar cuardach den sórt sin a dhéanamh le linn cibé uaireanta an chloig a ordóidh an tÚdarás.

(3) Féadfar cóipeanna d’fhóiliónna nó de léarscáileanna, nó sleachta as fóiliónna nó léarscáileanna a fháil ar an táille fhorordaithe a íoc. Más i bhfoirm leictreonach atá an clár nó aon chuid de, féadfar atáirgeadh i bhfoirm páipéir a eisiúint mar chóip.