Riail 163 – Tosaíocht i gcás dhá thaifead tosaíochta nó níos mó a dhéanamh
I gcás dhá thaifead tosaíochta, nó níos mó, a dhéanamh de bhun Alt 108, gabhfaidh na taifid sin, chomh fada is a bhaineann leis an tosaíocht a thugtar leo, éifeacht san ord ina bhfuarthas na hiarratais sa Chlárlann nó inar measadh, de bhun Riail 58, iad a sheachadadh.