Riail 148 – Daoine a fhéadfaidh feidhmiú ar son mionaoiseach
(1) I gcás mionaoisigh féadfaidh a chaomhnóir nó a caomhnóir (más ann), arna cheapadh nó arna ceapadh ag cúirt dlínse inniúla nó, murar ceapadh aon chaomhnóir amhlaidh, féadfaidh a thuismitheoirí nó a tuismitheoirí nó duine is caomhnóir air nó uirthi faoi fhorálacha an Achta um Chaomhnóireacht Naíon, 1964, nó iontaobhaithe faoi fhorálacha Alt 57 den Acht Comharbais,
1965, feidhmiú ar a shon nó ar a son chun gach ceann nó aon cheann de chríocha an Achta.
(2) Más dealraitheach don Údarás, i gcúrsa aon imeacht faoin Acht, go bhfuil leas atá codarsna, nó contrártha, le leas an mhionaoisigh ag an duine atá ag feidhmiú ar a shon nó ar a son, nó gur cheart ar mhaithe leis an mionaoiseach duine éigin eile a cheapadh chun feidhmiú ar a shon nó ar a son, féadfaidh sé diúltú dul ar aghaidh go dtí go gceapfar duine eile chun feidhmiú ar son an mhionaoisigh sna himeachtaí.