Riail 147 – Na nithe a bheidh ar léarscáileanna Clárlainne

image_printLeathanach Priontála

(1) Taispeánfar ar na léarscáileanna clárlainne is cuí-

(a) plean nó pleananna den mhaoin a thuairiscítear i ngach fóilió de chlár na húinéireachta ar thalamh ruílse;

(b) plean nó pleananna den mhaoin atá faoi réir úinéireacht ar leasanna léasacha a thuairiscítear i ngach fóilió de chlár na leasanna léasacha;

(c) plean nó pleananna den mhaoin is ábhar do gach oidhreachtán neamhchorprach tionachta ruílse, nó léas ina leith, a thuairiscítear I ngach fóilió den chlár a choimeádtar faoi Alt 8(b) den Acht;

(d) cibé plean nó pleananna is gá nó is fóirsteanach ó am go ham chun go n-aithneofar maoin atá faoi réir ualach, fógra, rabhadh nó toirmeasc a taifeadadh i bhfóilió de chlár.

(2) Déanfar gach plean a shainiú ar an léarscáil clárlainne le ciumhais dhaite, nó ar dhóigh eile de réir mar is oiriúnach leis an Údarás i gcás áirithe, agus cuirfear uimhir nó comhartha air; agus déanfar an mhaoin a thuairiscítear I ngach fóilió a chur in iúl trí thagairt dá plean nó dá pleananna ar an léarscáil clárlainne.