Riail 146 – Foirm na léarscáileanna Clárlainne
(1) Coimeádfar léarscáileanna clárlainne i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach, nó go páirteach i bhfoirm amháin agus go páirteach i bhfoirm eile, do na pleananna maoine a thuairiscítear sna cláir.
(2) I gcás na léarscáileanna clárlainne a bheith i bhfoirm páipéir áireofar iontu-
(a) léarscáileanna ginearálta agus/nó innéacsúla ar a dtaispeántar suíomh agus fairsinge gach uile mhaoin atá cláraithe;
(b) aon léarscáil lena nglacfar faoi fhorálacha Alt 84(2) den Acht (arna ionadú le hAlt 61 d’Acht 2006).
(3) I gcás na léarscáileanna clárlainne a bheith á sealbhú i bhfoirm leictreonach féadfar iad a thaispeáint nó a atáirgeadh i cibé slí a chinnfidh an tÚdarás.
(4) Beidh na léarscáileanna a choimeádfar ar cibé teilgean léarscáile, fara na coigeartuithe go léir is gá agus is follas, chun go mbeidh siad de réir shonra Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann nó fara cibé toilithe nó tar éis cibé fiosrúcháin nó fógraí, a ordóidh an tÚdarás. Nuair nach féidir déanamh dá réir sin, féadfar léarscáileanna a choimeád do na limistéir sin ar cibé scálaí a cheadóidh an tÚdarás.