Riail 142 – Socrú teorann i gcás maoin a aistriú

image_printLeathanach Priontála

Féadfar an teorainn idir maoin chláraithe a d’aistrigh úinéir cláraithe agus maoin chláraithe eile arb é nó í is úinéir cláraithe uirthi a thaifeadadh sa chlár mar theorainn dhochloíte má thaisctear sa Chlárlann toiliú ón aistreoir agus ón aistrí sna téarmaí a shonraítear sa riail roimhe seo.