Riail 129 – Toirmeasc a thaifeadadh le toiliú

image_printLeathanach Priontála

(1) Féadfar toirmeasc chun ceart nó leas neamhchláraithe a chosaint, a dhéanann difear do mhaoin úinéara chláraithe, a thaifeadadh i gclár na maoine le toiliú uaidh/uaithi i scríbhinn, agus taiscfear é sa Chlárlann mar aon le ráiteas i dtaobh na bhfíoras á thaispeáint cad é an cineál cirt nó leasa neamhchláraithe sa mhaoin is inchurtha i bhfeidhm i gcoinne an úinéara chláraithe.

(2) Féadfar toirmeasc chun ceart nó leas neamhchláraithe a chosaint, a dhéanann difear d’eastát nó do leas a bunaíodh le socraíocht faoinar cláraíodh úinéir teoranta, a thaifeadadh sa chlár le toiliú úinéir an eastáit nó an leasa sin nó iontaobhaithe na socraíochta. Is i scríbhinn a thabharfar an toiliú agus taiscfear é sa Chlárlann mar aon le ráiteas i dtaobh na bhfíoras a thaispeánann cad é an cineál cirt nó leasa neamhchláraithe sa mhaoin is inchurtha i bhfeidhm i gcoinne úinéir an eastáit nó an leasa sin.

(3) Féadfar toirmeasc chun an t-úinéir cláraithe a chosaint a thaifeadadh sa chlár, le toiliú i scríbhinn ón úinéir cláraithe, i gcás gur gá sin i dtuairim an Údaráis.