Riail 125 – An nós imeachta i gcás rabhdóir do láithriú de bhun fógra foláirimh

image_printLeathanach Priontála

(1) Féadfaidh rabhdóir nó a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta láithriú os comhair an Údaráis, nó ráiteas i scríbhinn a sheachadadh sa Chlárlann, tráth ar bith laistigh den tréimhse a luadh san fhógra foláirimh chun bac a fháil ar chlárú na déileála dár tagraíodh san fhógra foláirimh nó, más ar iarratas an úinéara chláraithe a cuireadh an fógra foláirimh amach, chun an rabhadh a choimeád i bhfeidhm.

(2) Luafaidh an t-iarratasóir na forais ar ar cheart clárú na déileála a bhac nó an rabhadh a choimeád i bhfeidhm, mar shampla go sáródh an déileáil nó go gcuirfeadh sí siar, dá gclárófaí í, an ceart tosaíochta neamhchláraithe atá ag an rabhdóir agus a bhí sé nó sí chun é a chur i bhfeidhm nó, i gcás an fógra foláirimh a chur amach ar iarratas an úinéara chláraithe, go bhfuil imeachtaí ar feitheamh, nó ar tí a dtionscanta, chun an ceart a chosnaítear leis an rabhadh a chur I bhfeidhm.

(3) Má mheasann an tÚdarás é a bheith riachtanach nó fóirsteanach, féadfaidh sé lá agus am a cheapadh chun na páirtithe do fhreastal os a chomhair le go gcinnfear na téarmaí agus na coinníollacha ar a ndéanfaí clárú déileála a bhac nó an rabhadh a choimeád i bhfeidhm nó a chealú.

(4) Féadfaidh an tÚdarás cibé rialú is cóir leis a dhéanamh i leith an iarratais, mar shampla, go mbacfar clárú faoin déileáil go ceann tréimhse shonraithe nó go ndéanfar clárú faoin déileáil go gcoimeádfar an rabhadh i bhfeidhm nó, más ar iarratas an úinéara chláraithe a tugadh an fógra foláirimh, go gcoimeádfar an rabhadh i bhfeidhm gan tréimhse a cheapadh dó nó go ceann tréimhse shonraithe nó go gcealófar an taifead ina leith.