Riail 122 – Foirm an rabhaidh agus na mionnscríbhinne nó an deimhnithe i dtaca leis, agus an fógra

image_printLeathanach Priontála

(1) Is i bhFoirm 70 a bheidh rabhadh i gcoinne déileálacha ag úinéir cláraithe. Ní foláir an rabhadh a bheith sínithe ag an rabhdóir nó ag a aturnae nó a haturnae, agus seoladh sa Stát a bheith ann chun fógraí a sheirbheáil ar an rabhdóir.

(2) Féadfaidh rabhadh gan baint a bheith aige ach le déileálacha sonracha ag an úinéir cláraithe.

(3) Is i bhFoirm 71 a dhéanfar an mhionnscríbhinn mar thaca leis an rabhadh agus luafar inti na fíorais a thaispeánann an ceart neamhchláraithe sa mhaoin chláraithe, nó chuici nó thairsti, a dtaisctear an rabhadh ina leith. Féadfaidh an deimhniú faoi Alt 97(6) den Acht bheith i bhFoirm 65 (arna hoiriúnú go cuí), arna shíniú ag aturnae an údaráis reachtúil.

(4) Cuirfidh an tÚdarás fógra i dtaobh rabhadh a taifeadadh chuig úinéir cláraithe na maoine lena mbaineann sé. Is i bhFoirm 72 a bheidh an fógra.