Riail 117 – Lian i leith airgead ceannaigh neamhíoctha

image_printLeathanach Priontála

(1) Is i scríbhinn arna síniú ag an díoltóir nó ag a aturnae nó ag a haturnae, a dhéanfar iarratas chun lian i leith airgead ceannaigh neamhíoctha a chlárú. Tabharfar ann seoladh an díoltóra sa Stát chun fógraí a sheirbheáil air nó uirthi, agus cuirfear ina theannta an t-aontú forordaithe lena chlárú mar ualach.

(2) Féadfar lian a urscaoileadh sa chlár le toiliú an díoltóra nó a ionadaí phearsanta nó a hionadaí phearsanta nó le toiliú an aturnae do cheachtar acu.