Riail 115 – Léas
(1) Déanfar iarratas go gclárófaí mar ualach léas a bunaíodh go cuí tar éis chéadchlárú na maoine dá ndéantar difear trí chuid an léasaí den léas, mar aon le dúblach nó cóip fhianaithe, a thaisceadh sa Chlárlann. Sa taifead sa chlár tabharfar dáta an léasa, an téarma agus an cíos agus sonraí na maoine a forléasadh is leor chun í a aithint ar an léarscáil clárlainne.
(2) De bhun Alt 70 den Acht, forordaítear leis seo go ndéanfar, ar an léas a chlárú mar ualach, más mó ná aon bhliain is fiche iarmhéid neamhchaite an téarma a deonaíodh leis an léas, úinéireacht an léasa a thaifeadadh sa chlár cuí a choimeádtar faoi Alt 8 den Acht.