Riail 104 – Ualach a chealú mar ualach atá múchta
I gcás úinéir cláraithe ualaigh a theacht chun bheith ina úinéir cláraithe nó ina húinéir cláraithe ar an maoin ar a luíonn an t-ualach, féadfaidh an tÚdarás, mura léir a mhalairt, é a áireamh mar ualach atá múchta agus taifead an ualaigh sa chlár a chealú,más rud é, tar éis fógra a thabhairt do gach páirtí leasmhar go bhfuil sin ar intinn aige, nach ndéantar aon agóid i gcoinne an chealaithe bheartaithe.