Riail 101 – Fianaise ar a bhféadfar ualach a chealú nó a mhodhnú
(1) Ar iarratas a fháil ó aon duine a bhfuil leas aige nó aici in ualach cláraithe nó sa mhaoin ar ar cláraíodh é,féadfaidh an tÚdarás an t-ualach a chealú nó a mhodhnú, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas-
(a)I gcás úinéireacht an ualaigh a bheith cláraithe, is gá comhthoiliú a úinéara chláraithe nó a ionadaí phearsanta. Ní dhéanfar aon mhodhnú ba dhochar do chearta úinéir na maoine dá ndéanann an t-ualach difear, nó do chearta úinéir aon ualaigh chláraithe eile, gan comhthoiliú an úinéara sin.
(b)I gcás úinéireacht an ualaigh a bheith gan chlárú nó mura gcomhthoilíonn úinéir cláraithe an ualaigh sa chealú nó sa mhodhnú atá beartaithe, caithfear cruthúnas chun sástacht an Údaráis a thabhairt ar cheart an iarratasóra chun an chealaithe nó an mhodhnaithe a iarrtar; agus ní dhéanfar an cealú nó an modhnú go dtí go mbeidh cibé fiosrúcháin déanta agus cibé fógraí tugtha mar a ordóidh an tÚdarás.
(c)Más é atá san ualach cúnant nó coinníoll a bhaineann le húsáid nó sealúchas na maoine, is gá comhthoiliú na ndaoine go léir ar dealraitheach don Údarás leas a bheith acu ina chur i bhfeidhm.
(2) Féadfar an t-iarratas a dhéanamh i bhFoirm 57A nó 57B, de réir mar is gá sa chás, arna hoiriúnú d’fhíorais an cháis áirithe.