Riail 1 – Tosach feidhme
(1) Na Rialacha um Chlárú Talún, 2013 is teideal do na Rialacha seo.
(2) Féadfar na Rialacha um Chlárú Talún, 2012 go 2013 a ghairm de na Rialacha seo agus de na Rialacha um Chlárú Talún, 2012 le chéile.
(3) Forléireofar na Rialacha seo agus na Rialacha um Chlárú Talún, 2012 le chéile mar aon ní amháin.
(4) Tiocfaidh na Rialacha seo i ngníomh an 1ú lá de Shamhain 2013.