Saoráil Faisnéise
Cad is Saoráil Faisnéise ann?
Achtaíodh an tAcht um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014 an 14 Deireadh Fómhair 2014. Baineann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 leis an Údarás Clárúcháin Maoine amhail ar an agus ón 14ú Aibreán 2015 (Alt 1(3)(b)).
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 tá sé de cheart agat:
- Taifid a rochtain atá i seilbh comhlachtaí FOI
- Ceartú a iarraidh ar fhaisnéis phearsanta a bhaineann leat atá i seilbh comhlachtaí FOI i gcás ina bhfuil sí míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach
- Cúiseanna a fháil faoi chinneadh a rinne comhlachtaí FOI i gcás go bhfuil tionchar ag an gcinneadh ortsa
Tá na cearta seo faoi réir díolúintí áirithe atá leagtha amach san Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Cad iad na taifid is féidir liom a iarraidh faoi Shaoráil Faisnéise?
Is féidir leat na taifid seo a leanas atá i seilbh na hoifige seo a iarraidh:
- Aon taifid a bhaineann leatsa go pearsanta, cibé uair a cruthaíodh iad
- Taifid eile a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán, 2008
Is féidir iad seo a leanas a bheith ina dtaifid: doiciméad páipéir, faisnéis atá á coinneáil ar ríomhaire, asphriontaí, léarscáileanna, pleananna, micreascannán, micrifís, ábhar closamhairc, etc.
Ní gá duit cúis a thabhairt ag rá cén fáth gur mian leat rochtain a fháil ar thaifid áirithe agus ní mór míniú a thabhairt duit má dhiúltaítear rochtain ort ar aon taifead atá á lorg agat. Ceanglaítear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise go dtugann tú, an t-iarrthóir, ‘sonraí leordhóthanacha’ dúinn ionas go mbeidh ar ár gcumas na taifid a theastaíonn uait a aithint. Sa chás in mbaineann d’iarratas le “faisnéis phearsanta” ní mór duit fianaise ar chéannacht a sholáthar. Glacfaimid le haitheantas grianghrafadóireachta mar shampla cóip de do phas nó ceadúnas tiomána, chomh maith le cruthúnas ar do sheoladh mar shampla bille fóntais a fuair tú le déanaí. De rogha ar sin, is féidir leat Foirm Aitheantais an Iarrthóra Pearsanta a úsáid.
Sonraí Teagmhála:
Ba chóir gach iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn agus é a sheoladh chuig:
Sa phost:
Oifigeach Saorála Faisnéise
An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Sráid na Seansaireachta
Baile Átha Cliath 7
D07 T652
Le ríomhphost: foi@prai.ie
De rogha ar sin, féadfaidh tú Foirm Iarratais FOI a úsáid agus í sin a sheoladh chuig an Oifigeach Saorála Faisnéise ag an seoladh thuas leis an aitheantas cuí.
Ní mór cinneadh a dhéanamh maidir le d’iarratas ar Shaoráil Faisnéise de ghnáth laistigh de 20 lá oibre.
Achomharc a dhéanamh ar chinneadh
Más rud é nach bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a rinneadh is féidir leat athbhreithniú inmheánach a iarradh ar an gcinneadh, rud is ionann agus athbhreithniú iomlán as an nua a dhéanamh ar d’iarratas. Duine éigin san eagraíocht atá níos sinsearaí ná an cinnteoir bunaidh a dhéanfaidh an t-athbhreithniú sin.
Mura mbíonn tú sásta leis an athbhreithniú sin is féidir leat achomharc a dhéanamh faoin gcinneadh sin chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise.
Táillí
Níl aon táille i gceist maidir le hiarratas tosaigh a dhéanamh faoi Shaoráil Faisnéise. Mar sin féin, i gcás iarratas a bhaineann le faisnéis neamhphearsanta, d’fhéadfadh sé go mbeadh táille le gearradh ar chuardach, aisghabháil agus chóipeáil. Maidir le táillí cuardaigh, aisghabhála agus chóipeála tá íostairseach €101 ann nach féidir aon táille maidir le cuardach, aisghabháil nó cóipeáil a ghearradh faoina bhun. €500 an táille is mó is féidir a ghearradh.
€30 an táille atá ar athbhreithniú inmhéanach (gan díolúintí áirithe san áireamh) agus €10 i gcás sealbhóirí cártaí leighis agus a gcleithiúnaithe. €50 an táille le haghaidh achomharc chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise (gan díolúintí áirithe san áireamh) agus €15 i gcás sealbhóirí cártaí leighis agus a gcleithiúnaithe.
Loga Nochta
Ceanglaítear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar chomhlachtaí um Shaoráil Faisnéise (FOI) loga nochta a fhoilsiú, ina bhfuil mionsonraí ar iarratais neamhphearsanta a fuarthas faoi Shaoráil Faisnéise agus na cinntí a rinne an comhlacht mar fhreagra ar na hiarratais sin.
Tabhair ar aird le do thoil, ar chúiseanna príobháideachais, nach bhfuil faisnéis sainaitheantais mar ainm an iarrthóra san áireamh sa loga nochta. Beidh Loga Nochta FOI ar fáil le híoslódáil ón leathanach seo in am trátha.
Díolúintí
Is féidir eolas oifigiúil de chineál ar bith atá ar coimeád ag comhlachtaí poiblí a iarraidh faoin Acht.
Ina ainneoin sin, ionas gur féidir dul i mbun gnó Rialtais mar is cuí, bíonn gá ó am go chéile cineálacha áirithe eolais a dhíolmhú óna nochtadh i gcásanna faoi leith. Leagtar sin amach san Acht. Ar na príomhchásanna eisceachta, tá taifid a bhaineann le:
- Cruinnithe de chuid an Rialtais
- Breithnithe, feidhmeanna agus idirbheartaíochtaí na gcomhlachtaí FOI
- Forfheidhmiú an dlí agus slándáil
- Faisnéis rúnda agus faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- Faisnéis phearsanta (seachas faisnéis a bhaineann leis an té a dhéanann an t-iarratas)
Chun eolas níos cuimsithí a fháil maidir le Saoráil Faisnéise lena n-áirítear téacs an Achta um Shaoráil Faisnéise, téigh chuig láithreán gréasáin an Láraonad Polasaí um Shaoráil Faisnéise ag
Lasmuigh den Acht FOI – eolas ginearálta a d’fhéadfadh cabhrú leat
Cén t-eolas is féidir liom a fháil ó Fhóilió de chuid Chlárlann na Talún?
Tá trí chuid de dhoiciméad fóilió ann:
Cuid 1 – Sa chuid seo tá sonraí anseo maidir leis an maoin. Áirítear ar na sonraí sin cur síos, suíomh, tagairt plean Chlárlann na Talún agus aon chearta a ghabhfadh leis an maoin. Tá sonraí na maoine a aistríodh ón bhfóilió san áireamh i gCuid 1b chomh maith.
Cuid 2 – Sa chuid seo tá sonraí maidir leis na húinéirí cláraithe agus le cáilíocht an teidil lena n-áireofaí, chomh maith, aon rabhaidh nó toirmisc atá cláraithe i gcoinne na maoine.
Cuid 3 – Sa chuid seo tá sonraí maidir leis na hualaí atá cláraithe i gcoinne na maoine. Ina measc sin bheadh morgáistí, cearta slí, cearta iascaireachta agus cearta seilge etc
Luaitear in Alt 15(2)(a) agus (b) den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 sa chás ina bhfuil taifid ar fáil lena n-iniúchadh nó ina bhfuil cóip ar fáil, gur féidir rochtain ar an taifead a dhiúltú.
Is taifead poiblí iad fóiliónna agus léirscáileanna teidil na Clárlainne agus féadfaidh duine ar bith cóip d’fhóilió/de phlean teidil a fháil nó a scrúdú ach an táille chuí a íoc. Is féidir é sin a dhéanamh trínár seirbhís ar líne www.landdirect.ie
Conas a dhéanaim cuardach ar mhaoin ar landdirect.ie?
Chun cuardach a dhéanamh ar mhaoin, cliceáil ar an rogha Lean ar Aghaidh mar Aoi. Nuair a ghlacann tú leis na Téarmaí agus Coinníollacha, taispeánfar léarscáil d’Éirinn ar do scáileán. Cliceáil ar an rogha “Cuardaigh” sa roghchlár ar thaobh na láimhe deise den scáileán agus taispeántar roghanna éagsúla cuardaigh lena n-áirítear Fóilio, Seoladh, Comhordanáidí etc. €5 an táille chun féachaint ar an bhfóilió, €40 an táille le haghaidh Cóip Dheimhnithe d’Fhóilió le Léarscáil. Is féidir é seo a íoc go slán trí chárta creidmheasa nó dochair. Má roghnaítear Féach Fóilió, taispeánfar an fóilió ar an scáileán agus cuirfear cóip PDF ar r-phost chugat. Má iarrtar Cóip Dheimhnithe, seolfar sin chugat sa phost.
De rogha ar sin
Is féidir iarratas a dhéanamh ar Chóip Dheimhnithe d’Fhóilió le Learscáil/Plean Comhad trí Fhoirm Iarratais a chomhlánú le haghaidh Cóip Dheimhnithe d’Fhóilió le Learscáil/Plean Comhad agus an fhoirm chomhlánaithe mar aon le seic/ordú poist ar suim €40 a sheoladh chuig:
An tAonad um Sheirbhísí do Chustaiméirí
An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Sráid na Seansaireachta
Baile Átha Cliath 7
D07 T652
(De ghnáth, eisítear cóipeanna deimhnithe sa phost laistigh de 2-3 lá tar éis d’iarratas a fháil).
Cad é Ionstraim um Chlárlann na Talún?
Nuair a bhíonn iarratas ar chlárú comhlánaithe, cláraítear éifeacht dhlíthiúil na ndoiciméad a cuireadh isteach ar an bhFóilió. Déantar na doiciméid teidil a chomhdú i gClárlann na Talún ina dhiaidh sin i gcomhad ar a dtugtar “Ionstraim”. Tabharfaidh iniúchadh den Fhóilió uimhir ionstraim ábhartha duit de na hiarratais ar fad atá comhlánaithe agus cláraithe ar an bhfóilió (Tugtar uimh. na hIonstraime faoin dáta cláraithe i ngach cás).
Luaitear in Alt 41(1)(a) agus (b) den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 go ndiúltóidh ceann géilleadh d’iarraidh saorála faisnéise más rud é (a) go dtoirmisctear le dlí an Aontais Eorpaigh nó le haon achtachán (seachas foráil a shonraítear i gcolún (3) de Chuid 1 nó 2 de Sceideal 3 d’achtachán a shonraítear sa Sceideal sin) an taifead lena mbaineann a nochtadh, nó
(b) go bhfuil neamhnochtadh an taifid údaraithe in imthosca áirithe le haon achtachán den sórt sin agus gur cás é ina ndiúltódh an ceann, de bhun an achtacháin, an taifead a nochtadh.
Tá Rochtain ar Ionstraimí na gClárlann Talún faoi rialú Riail 159 de na Rialacha Clárúcháin Talún 2012. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chóip d’Ionstraim faoi Riail 159. Féadfaidh duine ar bith atá i dteideal Ionstraim a iniúchadh cóip den Ionstraim a fháil, ar an táille chuí a íoc.
Ba chóir an fhoirm iarratais chomhlánaithe (Foirm 96) mar aon le sainaithint chuí (Foirm Aitheantais an Iarratasóra Pearsanta) agus seic / ordú poist don táille iomchuí (€ 40 in aghaidh na Ionstraime) a thaisceadh chuig:
An tAonad um Sheirbhísí do Chustaiméirí
An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Sráid na Seansaireachta
Baile Átha Cliath
7D07 T652
Cad is Clár na nGníomhas ann?
Mura bhfuil maoin cláraithe i gClárlann na Talún b’fhéidir go ndearnadh déileáil leis i gClárlann na nGníomhas. Nuair a chuirtear gníomh i láthair i gClárlann na nGníomhas, tugann Clárlann na nGníomhas dá aire go bhfuil an t-idirbheart ann. Cuirtear na gníomhais bunaidh ar ais ansin chuig an aturnae a rinne an lóisteáil.
Má chríochnaíodh an t-idirbheart tar éis Bealtaine 2008 bheadh sonraí an pháirtí lóisteála ar tugadh na gníomhais bhunaidh ar ais dó nó di i dTaifead Chlárlann na nGníomhas.(Roimh Bealtaine 2008 ní raibh sé cleachtach sonraí an pháirtí lóisteála a chlárú i gClárlann na nGníomhas).
Luaitear in Alt 15(2)(a) agus (b) den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 sa chás ina bhfuil taifid ar fáil lena n-iniúchadh nó ina bhfuil cóip ar fáil, gur féidir rochtain ar an taifead a dhiúltú.
Is taifead poiblí iad taifid Chlárlann na nGníomhas agus féadfaidh duine ar bith cuardach a dhéanamh ansin ach an táille chuí a íoc.
D’fhonn cuardach a dhéanamh ar an innéacs ainmneacha i gClárlann na nGníomhas, caithfidh tú ainm an iar-úinéara a dheonaigh (i.e. a dhíol) an mhaoin a bheith ar eolas agat mar níl san innéacs ainmneacha ach innéacs deontóirí agus sin amháin. Féach ar an Seirbhísí Chlárlann na nGníomhas le haghaidh tuilleadh eolais.
Is féidir ceisteanna ginearálta eolais lasmuigh den Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh:
Ar ríomhphost: info@prai.ie
Ar an teileafón: 0761 001610 nó 051 303000
Sa phost:
An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Bóthar Chorcaí,
Port Láirge
X91 FP98
(Maidir leis na contaetha seo a leanas: Ceatharlach, An Clár, Corcaigh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman)
An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Bóthar an Mhachaire Ghailf,
Ros Comáin
F42 NC84
(Maidir leis na contaetha seo a leanas: Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, An Longfort, Maigh Eo, Ros Comáin, Sligeach)
An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Sráid na Seansaireachta
Baile Átha Cliath 7
D07 T652
(Maidir leis na contaetha seo a leanas: An Cabhán, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Lú, An Mhí, Muineachán, An Iarmhí, Cill Mhantáin)
Foilsithe: An 22 Márta 2018