An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Is é an tÚdarás Clárúcháin Maoine (ÚCM) an eagraíocht Stáit atá freagrach as clárú idirbhearta maoine in Éirinn. Is é ár ról é córas clárúcháin teidil (úinéireachta) ar thalamh a chur ar fáil, atá cuimsitheach agus inrochtana go saoráideach.
Bunaíodh an tÚdarás Clárúcháin Maoine (ÚCM) ar an 4 Samhain 2006 faoi fhorálacha an Achta um Chlárú Gníomhas agus Teidil 2006.
Is comhlacht reachtúil é an tÚdarás a bhfuil a bhaill ionadaitheach do phríomhúsáideoirí agus do phríomhthomhaltóirí na seirbhísí clárúcháin maoine. Ghabh an ÚCM ionad Chláraitheoir na nGníomhas agus na dTeideal agus tá sé anois ar an “údarás clárúcháin” maidir le clárú maoine in Éirinn. Is é Frank Treacy Príomhfheidhmeannach Eatramhach an Udáráis.
Na príomfheidhmeanna atá ag an ÚCM nua ná bainistiú agus rialú a dhéanamh ar Chlárlann na nGníomhas agus ar Chlárlann na Talún agus an córas clárúchán um theideal maoine a fhorleathnú agus a chur chun cinn. Feidhmíonn an ÚCM scéim bhunchíosanna freisin faoi na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí.
Clárlann na Talún
Bunaíodh Clárlann na Talún sa bhliain 1892 chun córas cuimsitheach agus sábháilte clárúcháin talún a sholáthar. Nuair a chláraítear teideal nó úinéireacht i gClárlann na Talún déantar na gníomhais a chomhdú sa Chlárlann agus iontráiltear an t-eolas uile cuí a bhaineann leis an maoin agus lena húinéireacht ar fhóiliónna atá mar chuid de na cláir i gClárlann na Talún. Coinníonn Clárlann na Talún Léarscáileanna Chlárlann na Talún i gcomhar leis na fóiliónna. Coinnítear idir fhóiliónna agus léarscáileanna i bhfoirm leictreonach.
Is é an príomhghnó atá ag Clárlann na Talún ná scrúdú a dhéanamh ar dhoiciméid dhlíthiúla agus léarscáileanna gaolta a chuirtear isteach mar iarratais ar chlárú, ciall a bhaint as éifeacht dhlíthiúil doiciméad den sórt sin agus a dtionchar dlíthiúil ar na clárlanna agus na léarscáileanna a thaifeadadh. Ós rud é gur taifead poiblí é clárlann talún na hÉireann, is féidir le duine ar bith na fóiliónna agus na léarscáileanna a iniúchadh, ach na táillí forordaithe a íoc.
Tá an teideal a thaispeántar ar an bhfóilió ráthaithe ag an Stát atá faoi cheangal slánú a dhéanamh ar aon duine a fhulaingíonn caillteanas trí dhearmad a dhéanann Clárlann na Talún. Féadfaidh ceannaitheoir mar sin glacadh leis an bhfóilió mar fhianaise ar theideal agus ní bheidh call dó na gníomhais chuí a léamh.
Seirbhísí Bunchíosanna
Riarann an tÚdarás Clárúcháin Maoine scéim faoinar féidir le húinéirí maoine léasach a mbunchíosanna a cheannach agus cur lena leas chun ruíleas a dhéanamh de. (Maireann leas léasach ar feadh téarma socraithe de bhlianta agus bíonn sé faoi réir cíosa ach is féidir le ruíleas maireachtáil go brách.)
Tugadh feidhm don Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2) 1978 ar 1 Iúil 1978 agus chuir sé modh nua ar fáil chun bunchíosanna tithe cónaithe a cheannach. De réir an Achta 1967 ba faoi na páirtithe féin a bhí sé an ceannach a shocrú agus d’fhéadfaí aon díospóid a chur faoi bhráid an Chláraitheora Contae, agus d’fhéadfaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda faoi cibé rud a dhámhadh sé. Bhíodh ar an gceannaitheoir costais an tiarna talún maidir leis an idirbheart a íoc. Cur chuige eile a bhí in Acht (Uimh. 2) na bliana 1978 sa mhéid is go ngeallfadh an tÚdarás Clárúcháin Maoine go ndéanfadh sé an obair dhlíthiúil maidir le críochnú cheannach an fheo shimplí ar tháille forordaithe agus fágadh riar na scéime faoin Údarás Clárúcháin Maoine in áit é a bheith le déanamh ag an gCláraitheoir Contae.
Tá sé de chumhacht ag an Údarás Clárúcháin Maoine an feo simplí a dhílsiú i dtionóntaithe tithe cónaithe, ar choinníoll go ndéantar iarratas mar is cuí de réir Chuid III den Acht. Déantar an feo simplí a dhílsiú trí dheimhniú dílseacháin a fheidhmíonn mar thíolacas an fheo shimplí agus aon leasanna idirmheánacha saor ó eirí. Bhain breis agus 80,000 iarratasóir leas as an scéim ó tugadh isteach í in 1978 agus fuair siad teideal ruíleas i leith a maoine.
Clárlann na nGníomhas
Bunaíodh Clárlann na nGníomhas in 1707 le córas a sholáthar do chlárú deonach ar ghníomhais agus ar thíolacais a bhaineann le talamh agus le tosaíocht a thabhairt do ghníomhais chláraithe ar ghníomhais inchláraithe neamhchláraithe. Níl aon éileamh reachtúil ar dhoiciméad a chlárú ach b’fhéidir gan sin a dhéanamh a bheith ina bhun le tosaíocht a chailleadh. Trína chéile de thoradh ar chlárúchán déantar rialú ar thosaíochtaí idir dhoiciméid a dhéileálann leis an bpíosa céanna talún. Feidhmíonn Clárlann na nGníomhas faoi láthair faoi fhorálacha cuid 3 d’Acht um Chlárú Gníomhas agus Teidil 2006 agus na Rialacha um Chlárú Gníomhas 2008 a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine 2008.
Is é is príomhfheidhm do Chlárlann na nGníomhas ná córas a sholáthar le taifead a dhéanamh ar ghníomhais agus tíolacais a bhaineann le maoin neamhchláraithe a bheith ann. Nuair a lóisteáiltear Gníomhas i gClárlann na nGníomhas ní mór an Fhoirm Iarratais Chlárlann na nGníomhas (CG) cuí (mar atá leagtha síos ag na Rialacha um Chlárú Gníomhas 2008) a bheith in éineacht leis. Ba chóir a thabhairt faoi deara nach ndéanann Clárlann na nGníomhas ráthaíocht ar éifeacht Gníomhais ná ní dhéanann sí léirmhíniú ar Ghníomhas, ní dhéanann sí ach taifeadadh ar an nGníomhas a bheith ann.
Tá dáta an ghníomhais, sonraí na bpáirtithe don ghníomhas agus cur síos ar an maoin lena mbaineann an gníomhas san Fhoirm Iarratais CG. Tugtar sraithuimhir do gach aon iarratas in ord dáta agus am na lóisteála agus tugtar tosaíocht do dhoiciméid chláraithe ar bhonn na sraithuimhreach a leithdháiltear. Nuair a chríochnaítear an t-iarratas, ní dhéantar comhdú ar an mbunGhníomhas sa Chlárlann ach tugtar ar ais é don té a rinne an lóisteáil. Ní choinnítear mapaí mar chuid den taifead clárúcháin. Déantar comhadú ar an bhFoirm Iarratais CG (ar a dtugtaí Meabhrachán roimhe seo) mar thaifead i gClárlann na nGníomhas.
Toisc Clár na nGníomhas a bheith ina Chlár poiblí tig le duine ar bith, ar íoc na táille atá leagtha síos, Cuardach a dhéanamh lena fháil amach an ann do ghníomhais a bhaineann le píosa maoine atá comhadaithe ann. Ar a shon sin, ní léiróidh cuardach i gClárlann na nGníomhas ach gur forghníomhaíodh nó nár forghníomhaíodh doiciméid ag déileáil leis an talamh atá i gceist – le teacht ar éifeacht na ndoiciméad sin, ní mór na doiciméid féin (nach bhfuil coinnithe ag Clárlann na nGníomhas) a scrúdú. Ní dhéanann Clárlann na nGníomhas taighde Ginealaigh ach tig le custaiméirí breathnú ar ár dtaifid atá ann ó 1708 i leith.