Comhlíonann an tÚdarás Clárúcháin Maoine príomhfheidhm sa mhargadh maoine le gach athrú úinéireachta agus clárú morgáistí agus muirir in aghaidh maoine arna clárú ar Chlár na dTeideal. Léiríonn Gníomhaíocht ar Chlár na dTeideal an ghníomhaíocht sa mhargadh maoine agus tá sé ar cheann de na príomh-tháscairí i bhfeidhmiú an gheilleagair.
D’fhonn léargas a thabhairt do shaoránaigh agus dár gcustaiméirí ar an obair a dhéantar sna Clárlanna, foilseoidh an PRA staitisticí gach ráithe maidir le hiarratais ar chlárú, seirbhísí ar líne agus eolas oibríochtúil eile.
Baineann an chéad tacar sonraí le céatadán mhórchríoch an stáit atá anois ina theideal cláraithe (seachas teideal neamhchláraithe, a dhéantar a gníomhais a léiriú i gClárlann na nGníomhas). Sonraíonn sé freisin líon na n-iarratas arna lóisteáil agus arna próiseáil, mar aon le táillí a íocadh agus an caiteachas comhfhreagraigh sa tréimhse chéanna.
Léiríonn an dara sraith an leibhéal gníomhaíochta ar www.landdirect.ie maidir leis na seirbhísí éagsúla a ndéantar rochtain orthu.
Táthar ag súil go mbeidh na staitisticí seo úsáideach mar fhoinse eolais maidir le gníomhaíocht mhaoine sa stát agus táthar ag súil gur féidir scóip agus méid na faisnéise a fhorbairt i bhfoilseacháin amach anseo de réir éilimh.