Riail 62 – Deimhniú stampa arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim

image_printLeathanach Priontála

(1) Más rud é go n-éiríonn ceist i ndáil le deimhniú stampa arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim agus go dtabharfaidh aturnae an iarratasóra gealltanas i scríbhinn go soláthróidh sé, laistigh de thréimhse a cheapfaidh an tÚdarás an fhianaise is gá chun an cheist a fhuascailt féadfar an ionstraim iomchuí a chur ar ais chuig an aturnae chun an fhianaise sin a fháil. Má dhéantar ina dhiaidh sin, laistigh den tréimhse a shocrófar, an ionstraim sin a thaisceadh leis an bhfianaise is gá, comhlánófar an clárú amhail ar dháta an t-iarratas bunaidh a thaisceadh.

(2) I gcás nach gcomhlíonfar an gealltanas i scríbhinn laistigh den tréimhse a shocrófar, measfar go bhfuil an t-iarratas ar chlárú tréigthe.