Riail 98 – An chaoi chun ualach a thaifeadadh

image_printLeathanach Priontála

I gcás ina gcomhdaítear sa Chlárlann ionstraim nó cóip d’ionstraim a údaraítear leis na Rialacha seo, agus go mbunaíonn an ionstraim sin ualach, nó go n-aontaíonn sí lena chlárú, féadfar an t-ualach a thaifeadadh sa chlár trí thagairt don ionstraim nó trí shliocht aisti, nó a héifeacht, a leagan amach.