Riail 93 – Iarratas chun comharba úinéara theoranta a chlárú
(1) Ar eastát nó leas úinéara theoranta a chinneadh, is i bhFoirm 45 nó 46, de réir mar is gá sa chás, a dhéanfar iarratas ar chlárú ó dhuine a éileoidh sin faoin iontaobhas nó faoin tsocraíocht. Más í Foirm 46 a oireann agus gur le huacht a bunaíodh an t-iontaobhas nó an tsocraíocht, taiscfear an chóip bhunaidh nó cóip oifigiúil den uacht agus den phrobháid nó de na litreacha riaracháin maille leis an uacht. Más í Foirm 45 a oireann, is leor an t-aontú nó an t-aistriú a comhdaíodh cheana sa Chlárlann agus faoinar cláraíodh an t-úinéir teoranta.
(2) Amach ó chásanna ina n-oireann Foirm 45, ní chlárófar an t-iarratasóir ach amháin le comhthoiliú iontaobhaithe (más ann) an iontaobhais nó na socraíochta nó tar éis fógra a thabhairt dóibh.
(3) Féadfaidh iontaobhaithe an iontaobhais nó na socraíochta freisin an t-iarratas a dhéanamh i bhFoirm 45 nó 46, de réir mar is gá sa chás, fara na modhnuithe is gá, agus le haontú an úinéara atá le clárú go gclárófaí aon ualaí a dhéanann difear dá eastát nó dá heastát nó dá leas.
(4) Beidh admháil ó na hiontaobhaithe gur urscaoileadh ualaí a bunaíodh leis an iontaobhas nó leis an tsocraíocht, nó go bhfuil deireadh leo ina leorfhianaise gur urscaoileadh iad nó gur cuireadh deireadh leo.