Riail 92 – Nóta faoi bhás úinéara chláraithe
Ar bhás a fháil, ina thiomnóir nó ina dhíthiomnóir nó ina tiomnóir nó ina díthiomnóir, d’úinéir cláraithe maoine gan é nó í a bheith cláraithe mar úinéir teoranta nó mar chomhthionónta, féadfaidh a ionadaí pearsanta nó a hionadaí pearsanta nó a ionadaithe pearsanta nó a hionadaithe pearsanta, ar an bprobháid bhunaidh nó na litreacha riaracháin bhunaidh nó cóip oifigiúil den chéanna, cibé acu é, a thaisceadh sa Chlárlann, mar aon le deimhniú ón aturnae atá ag gníomhú san ábhar nó, má iarrann an tÚdarás é, mionnscríbhinn gurbh é nó gurbh í an t-éagach a ainmnítear sa phrobháid nó sna litreacha riaracháin úinéir cláraithe na maoine, a chur faoi deara go dtaifeadfar nóta sa chlár go bhfuair an t-úinéir sin bás amhlaidh agus ag tabhairt ainmneacha an ionadaí phearsanta nó na n-ionadaithe pearsanta sin.