Riail 91 – Tarchur ar úinéir muirir nó ualaigh eile d’fháil bháis
Ar bhás a fháil d’úinéir cláraithe muirir nó ualaigh eile, déanfar iarratas go gclárófaí mar úinéir é nó í ó dhuine a éilíonn go bhfuil teidlíocht aige nó aici chun a chláraithe nó a cláraithe ar bhás a fháil dó nó di, ina thiomnóir nó ina dhíthiomnóir nó ina tiomnóir nó ina díthiomnóir, ar an bhfianaise a fhorordaítear i gcás iarratas dá shamhail ar chlárú mar úinéir talún, agus leanfar an nós imeachta agus úsáidfear na foirmeacha, fara cibé modhnuithe (más ann), mar is gá don chineál muirir nó ualaigh eile atá ann nó in imthosca an cháis.