Riail 89 – Iarratas ar chlárú ó ionadaí pearsanta ag a bhfuil teideal faoi dhíthiomnacht
(1) Is i bhFoirm 44 a dhéanfar iarratas go gclárófaí é nó í mar úinéir ó ionadaí pearsanta a éilíonn go bhfuil teidlíocht aige nó aici chun maoine lán-úinéara chláraithe dhíthiomnaigh.
(2) Cuirfear na litreacha riaracháin, nó cóip oifigiúil díobh, isteach i dteannta an iarratais.