Riail 88 – Iarratas ar chlárú ó dhuine, seachas an t-ionadaí pearsanta nó na hionadaithe pearsanta, atá i dteideal a chláraithe nó a cláraithe i gcás díthiomnachta

image_printLeathanach Priontála

(1) I gcás iarratas go gclárófaí é nó í mar úinéir ó dhuine a éilíonn go bhfuil teidlíocht de réir dlí aige nó aici chun maoine lán-úinéara chláraithe dhíthiomnaigh, déanfar an t-iarratas sin, murab é nó murab í an t-aon ionadaí pearsanta amháin é nó í-

(a) trí iarratas a chur isteach i bhFoirm 42 mar aon le haontú ó ionadaí pearsanta nó ionadaithe pearsanta an úinéara sin i bhFoirm 41, nó

(b) trí aistriú na maoine chuige nó chuici ón ionadaí pearsanta nó ó na hionadaithe pearsanta a chur isteach. Is i bhFoirm 43 a dhéanfar an t-aistriú.

(2) Cuirfear na litreacha riaracháin, nó cóip oifigiúil díobh, isteach i dteannta an iarratais.