Riail 86 – Aontú ó ionadaí pearsanta nó ionadaithe pearsanta, i gcás tiomnóir d’fháil bháis, le clárú duine ag a bhfuil teideal; iarratas ar chlárú ó dhuine ag a bhfuil teideal

image_printLeathanach Priontála

(1) Is i bhFoirm 35 a bheidh aontú ó ionadaí pearsanta le clárú duine a éilíonn go bhfuil teidlíocht de réir dlí aige nó aici chun maoine lán-úinéara chláraithe éagtha a fuair bás ina thiomnóir nó ina tiomnóir, ach amháin nuair a éilíonn an t-ionadaí pearsanta nó na hionadaithe pearsanta go bhfuil teidlíocht aige nó aici nó acu chun na maoine.

(2) Is i bhFoirm 36 nó 37 a dhéanfar iarratas ó dhuine a éilíonn go bhfuil teidlíocht aige nó aici de réir dlí chun maoine lán-úinéara chláraithe éagtha a fuair bás ina thiomnóir nó ina tiomnóir.

(3) Is i bhFoirm 38 nó 39 a dhéanfar iarratas go gclárófaí é nó í mar úinéir ón ionadaí pearsanta nó ó na hionadaithe pearsanta a éilíonn go bhfuil teidlíocht aige nó aici nó acu chun maoine ar lán-úinéir cláraithe d’fháil bháis ina thiomnóir nó ina tiomnóir.

(4) Cuirfear i dteannta an iarratais an phrobháid nó na litreacha riaracháin maille leis an uacht, nó cóip oifigiúil den chéanna.