Riail 85 – Iarratas ar chlárú i gcás an t-úinéir cláraithe d’fháil bháis roimh an 1 Meitheamh, 1959
(1) Ar bhás úinéara chláraithe aonair ar mhaoin, nó comharba úinéirí cláraithe éagsúla ar mhaoin, nach bhfuil cláraithe mar thionóntaí i gcoiteannas roimh an 1 Meitheamh 1959, is i bhFoirm 33 a dhéanfar iarratas ar chlárú mar úinéir ag an duine a bheidh i dteideal a bheith cláraithe agus féadfaidh aon duine a mbeidh leas aige nó aici sa talamh é a dhéanamh.
(2) I gcás go mbaineann an t-iarratas le maoin a dílsíodh don ionadaí pearsanta nó do na hionadaithe pearsanta beidh ina theannta mionnscríbhinn ag an ionadaí pearsanta nó ag na hionadaithe pearsanta i bhFoirm 34 agus beidh ina theannta an phrobháid nó na litreacha riaracháin nó cóip oifigiúil den chéanna.