Riail 83 – Clárú diúscairtí i leith maoin thaifeadta

image_printLeathanach Priontála

(1) Gach iarratas ar chlárú faoi dhiúscairt nó tarchur i gcás maoine taifeadta a aistríodh go clár agus a taifeadadh ann faoin Acht, déanfar é agus, faoi réir fhorálacha na rialach seo, déanfar an clárú de réir fhorálacha an Achta agus an nóis imeachta a fhorordaítear leis na Rialacha seo.

(2) Más faoi dhiúscairt nó tarchur neamhthaifeadta, roimh aistriú na maoine taifeadta go clár faoin Acht atá teideal ag iarratasóir chun a chláraithe nó a cláraithe, ní foláir ráiteas gearr ar theideal an iarratasóra a thaisceadh i dteannta a iarratais nó a hiarratais, maille leis na doiciméid dá dtagrófar ann agus an fhianaise ar na fíorais is gá a chruthú chun a theideal nó a teideal a shuíomh; agus féadfaidh an tÚdarás, tar éis dó an teideal a scrúdú, agus cibé fiosrúcháin agus cuardaigh a dhéanamh agus cibé fógraí a thabhairt a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach, cibé clárú a dhéanamh sa chlár a thabharfaidh éifeacht don teideal a cruthaíodh.