Riail 81 – Clárú aistrí i gcás aistriú ag údarás áitiúil faoi reacht
Ar aistrí a chlárú ina úinéir nó ina húinéir faoi aistriú ag údarás áitiúil i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi reacht, ní iarrfar aon fhianaise gur sáraíodh aon choinníollacha reachtúla nó sna rialacháin sin nó gur tharla aon teagmhas a thug cumhacht díola don údarás áitiúil.