Riail 8 – Tuairisc na maoine
(1) Is faoi threoir na n-ainmneacha agus na n-ainmníochtaí arna dtaifeadadh ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann a bheidh tuairisc na maoine sna cláir agus féadfaidh, i gcás go gceadóidh an tÚdarás é, aon fhaisnéis gheografach nó suímh eile a bheith inti.
(2) Ní bheidh tuairisc na maoine i gclár ná a haitheantas trí thagairt do léarscáil clárlainne dochloíte maidir lena teorainneacha nó lena fairsinge agus taifeadfar nóta sa chéill sin sa chlár.
(3) I gcás go dtaifeadfar réimsí maoine, ní bheidh na réimsí sin dochloíte.
(4) Athmheasfaidh an tÚdarás ó am go ham tuairisc na maoine agus cuirfidh sé i gcomhréir í leis an tuairisc ar an léarscáil clárlainne de réir mar a athbhreithneofar agus nuair a athbhreithneofar í.