Riail 79 – Aistriú a chlárú faoi chumhacht díola

image_printLeathanach Priontála

(1) Ar aistriú a chlárú faoi chumhacht díola faoi Alt 62(9) den Acht seirbheálfar fógra i bhFoirm 25 ar an úinéir cláraithe nó i gcás a bháis nó a báis ar a ionadaí pearsanta nó ar a hionadaí pearsanta nó ar a ionadaithe pearsanta nó ar a hionadaithe pearsanta.

(2) Déanfar aon ualaí agus aon taifid a urscaoileadh faoi Alt 62(10) den Acht a chealú agus seirbheálfar fógra i bhFoirm 26 ar an úinéir cláraithe (más ann) i dtaobh an ualaigh nó an taifid a cealaíodh.